Welcome to Kilmainham Gaol Museum Fáilte go dtí Músaem Phríosún Chill Mhaighneann

For over 100 years Kilmainham Gaol held thousands of men, women and children for crimes that ranged from minor offences to being involved in some of the most momentous events in Irish history. Ar feadh os cionn 100 bliain, coinníodh na mílte fear, ban agus leanaí i bPríosún Chill Mhaighneann, cuid acu daortha as mionchoireanna neafaiseacha, a thuilleadh as bheith sáite i gcuid de na heachtraí ba mhó le rá i stair na hÉireann.

A visit to Kilmainham Gaol will take you on a journey through Irish history. You will discover the stories of people held here as ordinary criminals alongside those who fought for Irish independence. From the 1798 rebellion, to the 1916 Easter Rising, the Anglo-Irish War (1919-21), to the devastation of the Irish Civil War (1922-23) all these important events have a chapter in the story of Kilmainham Gaol. Turas trí stair na hÉireann atá i gceist le cuairt ar Phríosún Chill Mhaighneann. Beidh léargas le fáil agat orthu siúd a coinníodh anseo mar ghnáthphríosúnaigh, chomh maith leo siúd a throid ar son shaoirse na hÉireann. Ó Éirí Amach 1798, go dtí Éirí Amach na Cásca 1916, An Cogadh Angla-Éireannach (1919-21), go dtí croíbhriseadh Chogadh na gCarad (1922-23), tá caibidil ag na heachtraí tábhachtacha sin go léir i scéal Phríosún Chill Mhaighneann.

From Prison to National Monument Ó Phríosún go Séadchomhartha Náisiúnta

Kilmainham Gaol opened in 1796 as the new County Gaol for Dublin. While most of the prisoners were common criminals, it also held political prisoners involved in Ireland's struggle for independence. Included amongst those held here were Robert Emmet, Anne Devlin, the Fenians, Charles Stewart Parnell, Countess Markievicz and the leaders of the 1916 Easter Rising, 14 of whom were executed by firing squad in the Stonebreaker's yard. The Gaol was closed in 1924 but was preserved as a national monument in the 1960s and restored by the Kilmainham Gaol Restoration Committee. It was handed over to the State in 1986 and today is run by the Office of Public Works. D’oscail Príosún Chill Mhaighneann ar dtús sa bhliain 1796 mar an Príosún Contae nua do Bhaile Átha Cliath. Gnáthphríosúnaigh ba ea an chuid is mó acu siúd a daoradh sa Phriosún ach is ann a coinníodh príosúnaigh pholaitiúla ó ghluaiseacht na saoirse in Éirinn chomh maith. Orthu siúd a coinníodh anseo bhí Robert Emmet, Anne Devlin, na Fíníní, Charles Stewart Parnell, An Chuntaois Markievicz agus ceannairí Éirí Amach na Cásca 1916. Cuireadh ceithre dhuine dhéag de cheannairí 1916 chun báis os comhair scuad lámhaigh i gClós na mBristeoirí Cloch anseo. Dúnadh an Príosún in 1924 ach caomhnaíodh mar shéadchomhartha náisiúnta é sna 1960idí agus rinne Coiste Athchóirithe Phríosún Chill Mhaighneann é a athnuachan. Bronnadh ar an Stát é in 1986 agus tá sé faoi smacht Oifig na nOibreacha Poiblí sa lá atá inniu ann.

Visiting Kilmainham Gaol Cuairt a Thabhairt ar Phríosún Chill Mhaighneann

Access to Kilmainham Gaol is by guided tour only. To guarantee a place on a tour, we strongly recommend that you pre-book your ticket online. Tours are released 28 days in advance at midnight, Irish time. We also release additional tickets and tickets from cancellations on the day of your visit from 9:15am - please check back on the day of your visit. Ar thuras treoraithe amháin a bhíonn cead isteach go dtí an Príosún. Mar sin, ar eagla go gcaillfeá amach, molaimid go gcuirfeá do thicéad in áirithe roimh ré. Mura bhfuil an t-am nó an dáta is ansa leat le fáil, seiceáil ár suíomh idirlín gach maidin i ndiaidh 9.15rn chun na háirithintí a cuireadh ar ceal an lá sin a fheiceáil.

Your visit to Kilmainham Gaol will take approximately 90 minutes. This includes a 1-hour guided tour and time to explore the museum. If you hold tickets for the final two tours of the day, you can visit the museum prior to your tour. Ba chóir thart ar 90 nóiméad a fhágáil le haghaidh do thurais. Maireann an turas treoraithe uair an chloig, agus beidh cead isteach go dtí an músaem agat chomh maith.

Due to the historic nature of Kilmainham Gaol, accessibility can be challenging. If you use a wheelchair or require special assistance, please contact us in advance at kilmainhamgaol@opw.net. Foirgneamh stairiúil é an Príosún agus tá dúshláin áirithe ag baint leis maidir le cúrsaí rochtana. Mar sin, ba chóir do chuairteoirí a úsáideann cathaoir rothaí agus do chuairteoirí a bhfuil cúram speisialta de dhíth orthu a bheith i dteagmháil linn roimh ré ag kilmainhamgaol@opw.net sula gcuirtear ticéid in áirithe.

Information for school visits is available on our education page. Más mian leat cuairt scoile a eagrú, tá an t-eolas go léir atá uait le fáil ar ár leathanach oideachais.

Group bookings (ten or more) are subject to availability and enquiries should be sent to kilmainhamgaol@opw.net. Braitheann áirithintí de dheichniúr nó níos mó ar spás a bheith ar fáil. Is féidir rphost a sheoladh chuig kilmainhamgaol@opw.net chun eolas sa bhreis a fháil.

Temporary Exhibitions Taispeántais Shealadacha

With so many stories to tell at Kilmainham Gaol we regularly host temporary exhibitions. Our current exhibition is Tá Príosún Chill Mhaighneann lom lán de scéalta, agus de ghrá iad a insint bíonn taispeántais shealadacha á óstáil anseo againn go minic.

The Prisoners' Lens: Secret photography in Kilmainham Gaol,
1921
Lionraí na bPríosúnach: Grianghraif rúnda i bPhríosún Chill Mhaighneann,
1921

The Prisoners' Lens: Secret photography in Kilmainham Gaol, 1921

The OPW presents a new exhibition of secret photographs taken in Kilmainham Gaol in 1921 during the War of Independence. Tá taispeántas nua ag an OPW de ghrianghraif rúnda a tógadh i 1921 le linn Chogadh na Saoirse.

The exhibition runs from 23 October 2025 to 31 October 2026. Tá an taispeántas oscailte ó 23 Deireadh Fómhair 2025 go 31 Deireadh Fómhair 2026.

Admission to view the exhibition is free. Níl aon táille leis an taispeántas.